![]() |
|||||
|
|
Ambasáid na Fraince in Éirinn![]() 36 Bóthar Aelsbaire
Tá baint stairiuil ag an teach seo le cogadh na saoirse in Éirinn. Dob í Nell Bean Humphreys a thóg é i 1920; bhí a fear chéile, an Dr. Faithí Humphreys as Luimneach, marbh. Chomhnaigh sí anseo in einacht lena clann agus lena deirfiúr, Anno Ní Rathaille.
Nell Humphreys
Deartháir léi ab ea an Ceannfort Ó Rathaille, duine de cheannirí Oglaigh na hÉireann; dob é an duine a thionól an cruinniú ar an 11 Samhain 1913 as ar thárla an eagríocht sin. Fuair sé bás in Éirí Amach 1916 agus é i gceannas ar ionnsaí ar Bharacáid lasmuigh de Ard Oifig an Phoist.
Ceannfort Ó Rathaille agus Anno Ní Rathaille
Bhí sé pósta le Meiriceánach a fuair a cuid oideachais i bPáras, agus tar éis pósadh dóibh, chaitheadar bliain sa chathair sin. Dlúth cara le Mícheál Ó Coileáin ab ea tógálaí an tí, Parthalón Ó Conchubhair. Nuair a bhítheas á thógadh deaineadh seomra folaithe innti mar bhí sé in a chogadh géar sa am san agus bhí ceannairí Gaedhael ar a gcoimeád. Tá an folcadh sa tseomra sin anois. Bhíodh an teach mar cheanncheathrú ag Cathal Brugha, Aire Cosanta Rialtas na Poblachta agus is iomaí oíche a chaith sé sa tseomra folaithe úd. Tháinig na cinnirí Gael anseo go minic le haghaidh cruinnithe den Dáil, den Rialtas, den bhfoireann cheanncheathrún agus le haghaidh cúirteanna na Poblachta. In a measc bhí an tUachtarán Éamon De Valera, Art Ó Gríobhta agus Mícheál Ó Coileáin.
Mícheál Ó Coileáin
Cé gur tugadh sciúir faoin teach go minic níor thánathas riamh ar an seomra folaithe. Uair amháin le linn sciúrd a lean ar feadh cúpla uair a chloig, bhí beirt den Aonad Fianais i bhfolach ann. Le lin an chogaidh chathardha bhí teahlach Humphreys ar thaobh na bPoblachtánach a bhain úsaid as an teach seo mar cheanncheathrú Bhaile Átha Cliath. Ar maidin 4 Samhain 1922, dhein fórsaí an tSaorstáit sciúrd ar an dteach. Chuadar díreach go dtí an seomra folaithe chun briseadh isteach ann. Bhí Ernie Ó Máille, leas cean fóirne na bPoblachtánach, istigh ann; tháinig sé do léim amach agus a ghunnán á scaoileadh aige; mharbhaigh sé saighdiúir amháin, ghoin a lán eile agus ruaig gach duine acu as an teach. Ach le linn an lámhach chuaigh piléar tríghiall Anno Ní Rathaille.
Éamon De Valera
Dhein an Máilleach iarracht ar éalú trín chúl gáirdín ach bhuail saighdiúr a bhí lastiar den fhalla tosaigh é. Cheana féin bhí sé gorthaithe go minic. (Daoradh chun báis é ach le cabhair ó shaighdiúir Shasanach, d’éaluigh sé ó charcair Chill Mhaighneáin). D’fhill sé ar an teach seo arís agus is anseo a gabhadh sa deireadh é. Ach nuair a bhíodar ag iompar Anno Ní Rathaille ón dteach ar shínteán dúirt sé i gcogar leis an gcailín aimsire "Tá airgead laistiar den chuirtín im’ sheomra; tabhair é don chéad duine a thagann". Bhí na mílte punt ann; dar ndóigh ba iomlán den chiste le haghaidh cleithiúnaithe na bpríosúnach é, agus dob í Anno Ní Rathaille an cisteoir. Ba é an bácéir an chéad duine a thainig agus thug an cailin aimsire an tairgead go léir do. Ní raibh aon bhaint ag an bhfear seo leis an chogadh a bhí ar siúl agus cé nach raibh níos mó ná £2 sa tseachtain de phá aige, thug sé gach pingin de thar nais.
Ernie Ó Máille
Cúpla mí in a dhiaidh sin, in earrach na bliana 1923, caitheadh granáid isteach sa halla mar a phléasc sí, gan móran dochar a dhéanamh. Bhí rian na pléisce seo le feiscint go dtí le déanaí ar an staighre. Nuair a cheannaigh Ambasáid na Fraince an teach seo i 1968, tógadh aníos an t-urlár chun téamh lárnach a chur isteach agus fuarthas ionad folaithe eile foain úrlár. Istigh ann bhí beaignit Frainnceach agus meastar gur chuimhneachán ar a ndeartháir é, a bhí a choimeád ag na deirfiúrach mar bhí an Rathallach in a stiúrthóir airm, chomh maith le bheith ina chisteoir, ar Óglaigh na hÉireann. Do réir deallraimh deineadh crann an bheaignit as adhmad i gceardlann deileadóireachta sa chomharsanacht d’fhonn claoímh a dhéanamh as an mbeagnait |
Related topics |
||||||
|
|